View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  AN bhForbairt ar an Chuan

Fáiltíonn Seirbhís Farantóireachta an Chailín Óir roimh an scéal go bhfuil ceadúnas pleanála tugtha dos na hoibreacha éagsula i dTrá Chiaráin chun an ‘Bulls Nose’ a athogáil, sleamhnán nua a dheanamh agus roinnt nithe eile nach iad. Ta a fhios ag na hoileánaigh agus iad siúd a thagann go dtí an Oileán go rialta chomh baolach is atá an ‘Bulls Nose’ faoi láthair agus go bhfuil sé i mbaol titim uair ar bith de bharr an chreimeadh atá déanta ar an mbonn thar blianta fada. Ladghódh sé seo an seirbhís go dtí an Oiléan go mór agus chruthódh go leor fadbhanna eile. Táimíd ag siúl go ndeanfaidh an Roinn Mara chuile iarracht tabhairt faoi na hoibreacha éigeandála seo chomh luath agus is féidir leo é agus go mbeadh tacaíocht iomlán an tAire Sioon Coveney, go bhfuil cur amach pearsanta aige ar an ceantar ann chun an maoiniú riachtanach a chur ar fáil. Tá a fhios acu siúd ar fad a ghlach páirt sa phroiséas comhleoireachta nó atá ina cónaí san Oilean le blianta beaga anuas go bhuil mion staidéar déanta ar fheidhmiú an taoide agus na tonnta i limistéir Trá Chiaráin de bharr an fior droch aimsir a thagann isteach sa chuan seo. Tá na structiuir nua deartha ag togaint na staidéir seo san áireamh agus mar chuid de phlean le phásanna éagsúla chun ath fhorbairt iomlán a dheanamh ar an chuan de réir a chéile agus marina san aireamh. Bhí tonnchosc nua i gceist i go leor moltaí a deanadh thar na mbliain ach leiríonn na mion-staidéir seo nach bhfuil aon chinéal tonnchosc a dhfeadach na tonnta a laghdú go leor chun feidhmiú go sábhálta. Sa phlean seo tá dúg gheataí beartaithe mar réiteach ar an bhfadbh seo agus chomh maith le seo a dheanfaidh indéanta na hoibreacha éagsúla atá beartaithe a thabhairt chun críche níos éifeachtaí, níos sábhalta agus níos saoire go mór mar go mbeifear ábalta an chuan a thriomiú amach. Fiú amháin i dtaobh cótabháil riachtanach beidh sábháilt an mhór le himeacht na mbliain. Tá an aire tugtha gan cur isteach ar an dtrá gaineamh i dTrá CHairáin trí gan aon athrú a dheanamh ar na tonnta ag teacht isteach sa chuan. Molaimíd an cur chuige fior phroifisiúnta ata léiritha acu siúd atá i mbon an tionscnamh seo agus measaimíd go bhuil an phlean is éifeachtaí forbartha acu, ag tabhair cúrsaí teicniúla agus eile san áireamh agus taimíd ag siul le ré nua forbartha san Oileán dá bharr.

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923