View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Lá Spraoi 2011

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. B’ fhíor é sin agus muid ag féachaint siar ar Lá Spraoi Chléire 2011. Lá den scoth a bhí againn uile. Cuireadh tús maith leis an lá nuair a thosnaigh an triathlon agus an grian ag spalpadh síos ar na h-iomaitheoirí a ghlac páirt sa rás. Rud breise é i mbliana ach ní mór go mbeidh sé ar ais arís an bliain seo chugainn, i dteannta an seó madra! Ní dóigh linn go raibh an iarrad sin madraí riamh le feiscint ar Trá Chiaráin riamh roimhe! Rith an lá uainn le na h-imeachtaí ar fad a bhí ar siúil ~ idir an caisleán preabacháin, tug ‘o war, an coraíocht sumo, an céilí agus ana chuid eile. Ba mhaith leis an coiste an deis a thógaint chun ár fíor bhuíochas a gabháil do gach uile dhuine a thug cabhair dúinn, a ghlac páirt agus a bhain sult ‘s craic as an lá. Rinneadh gaisce ar san na 3 carthanachtaí, ‘sé sin bád tárthála Dhún na Séad, Irish Cancer Society agus Irish Motor Neurone Disease Association. Báilíodh thart ar €4,600 agus tá airgead fós ag teacht isteach. Táimid ag tnúth go mór le Lá Spraoi Chléire 2012 cheanna féin!

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923